An Roth society
About
Tuairisc ar an sochaí
Is muidne An Roth, sochaí de chuid Innealtóirí Éireann, a dhéanann ár ngnó trí mheán na Gaeilge le breis agus 25 bhliana anuas. Tá an traidisiún sin ann le fada an lá, fiú sa bhun-ainm féin, “Cumann na nInnealtóirí”. Léirímid leath-dosaen léachtaí gach bliain, i gceannáras na n-innealtóirí, maille le ceithre cruinnithe choiste. An chuid is mó de na léachtaí, bíonn siad bunaithe ar ábhair theicniúla. Ullmaíonn an t-údar gluais nó mion-fhoclóir de na téarmaí teicniúla roimhré ionas go mbheidh na téarmaí á n-úsáid go cruinn. Léachtaí eile, bíonn siad bunaithe ar ábhair níos simplí chun ceisteanna agus comhchaidreamh a chothú. Idir an dá linn bíonn comhrá, ceol agus craic againn.
Tionscadail agus foilseacháin seo chaite (Past projects and publications)
Tá baill againn ins An Roth, cosúil le Mícheál Ó Bréartúin, Séamus Ware, Annraoi de Paor agus daoine eile nach iad, ag foilsiú leabhar i nGaeilge ar ard-chaighdeán agus ar chruinneas téarmaí.
Istigh san suíomh idirlín www.engineersireland.ie cuireadh foth-shuíomh ar bun do An Roth anuraidh. D'fhoilsíomar ó shin breis agus 27 léachtaí, taispeantais PPT (Power Point), sliochta as leabhair Ghaeilge d'ár gcuid fhéin, altanna a chuireadh i gcló cheana chun iad a chur ar fáil go forleathan.
I gClár na STEPS d'ullmhaigh ball de An Roth taispeántas PPT le haghaidh Gaelscoileanna, idir bhunscoileanna agus meánscoileanna, chun suim san innealtóireacht mar shlí bheatha a chothú i measc na ndaltaí.
Baill eile a bhfuil féith na scríbhneoireachta iontu, téann siad san iomaíocht ins na comórtaisí liteartha. I measc na gComórtas liteartha a reachtaíonn Oireachtas na Gaeilge tá ceann san innealtóireacht. Sin aiste ar théama innealtóireachta; aiste de 3,000 focal ar a laghad ar theicneolaíocht, stair nó saothar innealtóireachta d'aon sórt. Tá an duaischiste de €1,000 maoinithe ag Chumann na nInnealtóirí.
Cé hiad na baill
Ó thaobh na h-innealtóireachta dhe sí aidhm An Rotha ná líofacht cainte i nGaeilge a chothú agus cruinneas in úsáid na téarmaí teicniúla. Tá baill againn a mbíonn éileamh ar an nGaeilge acu de gnáth in a gcuid oibre, ag plé le custaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Baill eile, bíonn éileamh orthu altanna agus bileoga eolais a ullmhú go dhátheangach. Baill eile, tá suim acu ins na comharthaí bothair san dá theanga. Baill eile fós is mian leo aistriúcháin a dhéanamh ar léachtaí nó fiú sliochta as leabhair. Sin é an uair a bhraithimid go bhfuil an suíomh idirlín sin www.focal.ie ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) chomh hoiriúnach agus chomh húsáideach sin dúinn.
Imeachtaí
- 03-09-2009 Cruinniú choiste
- 08-10-2009 Seoladh oifigiúil ar leabhar nua-fhoilsithe le Mícheál Ó Bréartúin: Charles Vallancey 1725 – 1812, Ginearál, Innealtóir agus “Scoláire Gaeilge”
- 05-11-2009 Scaglann Ola an Gheata Bháin le Séamus Ware agus a chara
- 03-12-2009 An Méadar (Leictreach) Cliste le Liam Ó Dónaill.
Tá fáilte roimh cuairteoirí go dtí na léachtaí a bhfuil suim acu in ábhar na léachtaí féin agus cuid eile a bhfuil spéis acu i labhairt na Gaeilge, rud a thugann deis dóibh chun comhrá agus comhchaidrimh.
Contacts
Chairman
- Tomás O Brosnacháin
- Chartered Engineer
- 48 Bealach an T?chair
- Rath Fearnáin
- Baile Átha Cliath 14
- Tel: 01 4908495
- Mob: 086 8531971
- Email: tom.brosnan@cs-consultants.com
Vice-Chairman
- Seoirse Mac Craith
- 134 Páirc Charrig an tSionnaigh
- Baile Atha Cliath 18
- Tel: 01 2895465
- Email: smacc@clubi.ie
Secretary
- Réamonn Mac Réamoinn
- Roughan O'Donovan Consulting Engineers
- Arena House
- Arena Road
- Dublin 18
- Mob: 086 3715854
- Email: rmacreamoinn@rod.ie
Liaison Committee Representative
- Eoin O Cathain
- Roughan O'Donovan Consulting Engineers
- Arena House
- Arena Road
- Dublin 18
- Tel: 01 2940800
- Mob: 087 2519527
- Email: eocathain@rod.ie
Events
Details of our autumn and winter programme of events will be posted here in September.
Papers
An Aeráid Ag Athrú
Céard tá i ndán don domhan?
6 Bealtaine, 2008
Íoslódáil An Aeráid Ag Athrú (PDF 2.15 MB)
Athchuimre
- Bunús Eolaíochta
- Méadú ar ghasanna tí gloine
- Téamh ag tárlú cheana féin
- Cúiseanna
- Céard tá romhainn?
Croitheadh Solais
Le Tomás D. Ó Brosnacháin BE CEng FIEI
Cumann “An Roth”, Innealtóirí Éireann
Íoslódáil Croitheadh Solais (PDF 120 kb)
Spreagadh Doimhin na hInchinne (SDI) i ngalar Pharkinson: léargas trí chriothnú agus an neamhlíneach coibhéiseach
Le Annraoi M. de Paor
Íoslódáil Spreagadh Doimhin na hInchinne (SDI) i ngalar Pharkinson (PDF 232 kb)
An Institúid Taighde Tionscail agus Caighdeán
Le Liam Ó Broin
Nollaig, 1966
Íoslódáil (PDF 376kb)
Athléarscáil Éireann
Le Lt. Eoghan O Riagan
Íoslódáil Athléarscáil Éireann (PDF 403kb)
Athoiliúint Innealtóireachta
Le M. C. O Seasnain, Ph.D, A.M.I.E.E., M.I.E.E. - UCC
Iúil, 1965
Íoslódáil Athoiliúint Innealtóireachta (PDF 761kb)
Bliain i mBaden
Le Micheal O Breartuin
Aibreán, 1965
Íoslódáil Bliain i mBaden (PDF 355kb)
Coincréit i 1965
Samhain, 1965
Le Seoirse Mac Craith
Íoslódáil Coincréit i 1965 (PDF 827kb)
Fon Fonta
Bealtaine, 1965
Le Aodh O Canainn
Íoslódáil Fon Fonta (PDF 295kb)
Lamp Flicker
Le Thomas. D Brosnan
Íoslódáil Lamp Flicker (PDF 757kb)
Leictreachas Nua
Le Seamus Ware
Deire Fomhair, 1965
Íoslódáil Leictreachas Nua (PDF 879kb)
Miotail Eitleáin Forshonacha
Le Oisín O Siochru
Eanair, 1966
Íoslódáil Miotail Eitleáin Forshonacha (PDF 620kb)
Motarbhealach Uladh
Le Ciaran O Cathain, B.Sc
Iúil, 1966
Íoslódáil Motarbhealach Uladh (PDF 744kb)
Raidió Amaitéarach in Éirinn
Le Tomás Ó Brosnacháin BE, CEng, FIEI
Forléargus
- Cúlra stairiúil
- Oibritheoirí Raidió
- Cumann Tarchuradóirí Raidió na hÉireann
- Ceadúnas
- Cabhrú le Seirbhísí Éigeandála
- Arm na hÉireann sa Chongó 1960
Íoslódáil Raidió Amaitéarach in Éirinn (PDF 68kb)