Pleanáil do ghníomhaíocht
Trí ghníomhaíochtaí Sheachtain Innealtóirí STEPS ba cheart a thaispeáint do dhaoine óga an méid a bhaineann le hinnealtóireacht. Sin an t-aon riachtanas de chuid STEPS - seachas sin níl aon teorainn leis!
- An bhfuil smaoineamh de dhíth ort maidir le gníomhaíocht? Chuir STEPS liosta de ghníomhaíochtaí le chéile do spriocluchtanna i mbunscoileanna agus seans ann gur mhaith leat iad a chur chun feidhme. Is féidir iad a fháil thíos.
- Má tá gníomhaíocht innealtóireachta eile ar intinn agat, tá sin go hiontach! Ná bíodh drogall ort dul ar aghaidh le do ghníomhaíocht féin.
- Is féidir leat an ghníomhaíocht chéanna a chur chun feidhme gach bliain, agus níl aon oibleagáid ort ó STEPS chun smaoineamh ar rud nua gach bliain.
Cuir do ghníomhaíocht chun cinn
Anois an t-am chun bheith ag déanamh gaisce as Gníomhaíocht Sheachtain Innealtóirí STEPS de do chuid agus do chuid ratha a chur in iúl! Comhroinn nuashonrú ar an ngníomhaíocht le do líonra. Scríobh blag do do láithreán gréasáin, cruthaigh físeán, nuashonraigh na meáin shóisialta, scaip ríomhphost inmheánach - déan gach rud chun do rannpháirtíocht i Seachtan Innealtóirí STEPS a chur in iúl.
Bí cinnte chun muidne a chlibeáil agus bain úsáid as ár haischlib speisialta #STEPSEngineersWeek agus clibeáil muidne:
- Twitter @engineerirelan
- Facebook @engineersireland
- LinkedIn @Engineers Ireland